Comhairliúchán

Is cuid riachtanach é an comhairliúchán d'fhorbairt an Pháipéir Bháin ar an gCoireacht.

Tá An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag tabhairt faoi chomhairliúchán forleathan uilechuimsitheach mar chuid den phróiseas agus úsáid á baint aici as cineálacha difriúla comhairliúcháin. Tugann an próiseas comhairliúcháin seo an deis do dhaoine den phobal, chomh maith leis na gníomhaireachtaí iomchuí pobail agus le comhlachtaí leasmhara eile, cuidiú go hiomlán le forbairt an Pháipéir Bháin.

Gné lárnach den phróiseas comhairliúcháin is ea sraith plécháipéisí a fhoilsiú lena soláthraítear struchtúr don raon fíorleathan saincheisteanna atá á scrúdú mar chuid de phróiseas an Pháipéir Bháin.

Foilsíodh an chéad phlécháipéis mí Iúil 2009 agus déileáladh inti leis an gcoireacht a chosc agus sábháilteacht an phobail. Sa phróiseas comhairliúcháin lorgaíodh tuairimí i scríbhinn i dtaca leis na saincheisteanna a ardaíodh sa phlécháipéis sin, agus ag deireadh 2009 d’eagraigh an Roinn sraith seimineár réigiúnach le grúpaí pobail agus le páirtithe leasmhara eile. Foilsíodh tuarascáil ar thoradh na bpléití sin, mar aon le hachoimre ar na haighneachtaí i scríbhinn a fuarthas, mí Eanáir 2010. Tá na cáipéisí sin ar fáil i bhfoirm PDF nó mar html ag na naisc thíos. Tá cóipeanna crua le fáil ach iad a iarraidh.

An Chéad Phlécháipéis – Forléargas ar na hAighneachtaí a fuarthas, Feabhra 2010

An Chéad Phlécháipéis – Achoimre ón bhForas Riaracháin ar an bPróiseas Comhairliúcháin, Samhain/Nollaig 2009

Rinneadh an dara plécháipéis, ina ndéileáiltear le smachtbhannaí coiriúla, a fhoilsiú an 24 Feabhra 2010. Arís tugadh cuireadh do dhaoine den phobal agus do pháirtithe leasmhara aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil i ndáil leis na saincheisteanna a ardaíodh sa dara plécháipéis sin, agus ar an 28 Bealtaine 2010 d’eagraigh an Roinn cruinniú comhairliú cháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus tugadh cuireadh do raon leathan eagraíochtaí pobail, comhlachtaí reachtúla agus croípháirtithe leasmhara eile chuig an gcruinniú sin. Foilsíodh tuarascáil ar thoradh an chruinnithe sin, mar aon le hachoimre ar na haighneachtaí i scríbhinn a fuarthas, i Lúnasa 2010. Tá na cáipéisí sin ar fáil i bhfoirm PDF nó mar html ag na naisc thíos. Tá cóipeanna crua le fáil ach iad a iarraidh.

An Dara Plécháipéis – Forléargas ar na hAighneachtaí a fuarthas, Lúnasa 2010 

An Dara Plécháipéis – Achoimre ón bhForas Riaracháin ar an gCruinniú Comhairliúcháin, Bealtaine 2010

Foilsíodh an tríú plécháipéis ar na saincheisteanna a bhaineann leis an gcoireacht eagraithe agus le coireacht an bhóna bháin i mí Dheireadh Fómhair 2010. Iarradh aighneachtaí i scríbhinn i dtaca leis na saincheisteanna a ardaíodh sa phlécháipéis sin agus tionóladh cruinniú comhairliúcháin maidir le Coireacht an Bhóna Bháin sna Cúirteanna Coiriúla, Baile Átha Cliath an 5 Samhain 2010. Foilsíodh achoimre ar na haighneachtaí scríofa, mar aon le tuairisc ar an gcruinniú comhairliúcháin i mí Aibreáin 2011. Tá na cáipéisí sin ar fáil i bhfoirm PDF nó html ag na naisc thíos. Tá cóipeanna crua le fáil ach iad a iarraidh

An Tríú Pécháipéis – Spléachadh ar na hAighneachtaí a fuarthas (Aibreán 2011) 

An Tríú Plécháipéis – Achoimre an IPA ar na bPróiseas Comhairliúcháin (Aibreán 2011)

Foilsíodh an ceathrú plécháipéis a bhain leis an mbaint a bhíonn ag an bPobal le Córas an Cheartais Choiriúil i mí na Meitheamh 2011.  Tionólfar roinnt seimineár comhairliúcháin ar bhonn réigiúnach i dtaca leis an gcáipéis sin agus iarrtar aighneachtaí i scríbhinn faoi dheireadh mhí Lúnasa 2011.

An Ceathrú Plécháipéis - An Pobal agus Córas an Cheartais Choiriúil (Bealtaine 2011)

Tionóladh seisiún comhairliúcháin le daoine scothaosta i dtaca leis an gcoireacht i mí na Samhna 2010, agus foilsíodh tuairisc ar an gcomhairliúchán sin i mí Eanáir 2011. Tá an tuairisc ar fáil i bhfoirm PDF nó html ag an nasc thíos. Tá cóipeanna crua le fáil ach iad a iarraidh

Tuairisc ar an Seisiún Comhairliúcháin le Saoránaigh Scothaosta i dtaca leis an gCoireacht

Reáchtáladh comhairliúchán le daoine óga freisin i mí na Samhna 2010. I mí an Aibreáin 2011, d’fhoilsigh an Roinn tuairisc ar an seisiún comhairliúcháin sin, a chuir Coexist Ltd le chéile i gcomhar leis an Roinn. Scaipeadh cóipeanna den tuairisc ar raon leathan eagraíochtaí óige agus iarrtar aighneachtaí i scríbhinn ar ábhar na tuairisce faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2011.

Tá an tuairisc ar fáil i bhfoirm PDF nó html ag an nasc thíos. Tá cóipeanna crua le fáil ach iad a iarraidh

Tuairisc ar an gComhairliúchán le Daoine Óga faoin bPáipéar Bán ar an gCoireacht

(Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil léaráidí daite sa tuairisc seo agus gur fearr í a léamh nó a phriontáil i bhfoirm dhaite)

Má tá aon tuairimí agat i leith raon na n-ábhar atá le breithniú, nó má tá aon tuairimí eile le nochtadh agat, is féidir iad a sheoladh isteach am ar bith chuig:

Aonad an Pháipéir Bháin ar an gCoireacht,
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ,
94 Faiche Stiabhna,
Baile Átha Cliath 2.


whitepaperoncrime@justice.ie 

Má tá aighneacht á déanamh agat, luaigh, le do thoil, cibé acu an tuairimí pearsanta atá á nochtadh nó an bhfuiltear á nochtadh thar ceann eagraíochta. Sa chás go mbeifear ag seoladh isteach tuairimí eagraíochta, is cóir a lua go soiléir cén eagraíocht atá i gceist.

D’fhéadfadh aighneachtaí a bheith faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Ós rud é go bhféadfaidh sé go bhfoilseofar iad, cuir in iúl dúinn é, le do thoil, más fearr leat go bhfanfadh d'aighneachtsa faoi rún.

 

Forléargas ar Phróiseas an Pháipéir Bháin ar an gCoireacht 

An Chéad Phlécháipéis – ‘An Choireacht a Chosc agus Sábháilteacht an Phobail’ 

An Chéad Phlécháipéis – ‘An Choireacht a Chosc agus Sábháilteacht an Phobail’ - Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin

An Dara Plécháipéis – ‘Smachtbhannaí Coiriúla’

An Dara Plécháipéis – 'Smachtbhannaí Coiriúla' – Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin

An Tríú Plécháipéis – ‘Coireacht Eagraithe agus Coireacht an Bhóna Bháin’ 

Cáipéis an Tríú Plécháipéis – ‘Coireacht Eagraithe agus Coireacht an Bhóna Bháin’ –Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin

Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin - ‘Saoránaigh Scothaosta agus an Choireacht’ 

Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin - ‘Tuairisc ar an gComhairliúchán le Daoine Óga faoin bPáipéar Bán ar an gCoireacht’ 

An Ceathrú Plécháipéis 'An Pobal agus Córas an Cheartais Choiriúil' 

Cláraigh chun eolas cothrom le dáta a fháil